Seachtain na hOidhreachta – ceiliúradh ar ár stair, ár gcultúr agus ár nádúr


Tá roinnt imeachtaí áitiúla á mbeartú i nDún na nGall an mhí seo agus muid ag déanamh réidh fá choinne Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta. Is é atá i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ceiliúradh ar ár stair, ár gcultúr agus ár nádúr, agus san am céanna an gá atá le caomhnú ár n-oidhreachta áitiúla a chur chun cinn.

Labhraíonn Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall, faoin ghá atá lenár n-oidhreacht áitiúil a cheiliúradh agus faoin réimse leathan imeachtaí atá ar siúl le linn Sheachtain na hOidhreachta, a thosófar ar an 23 Lúnasa.

Launch of the County Donegal 'Heritage Week' Event Guide in the Donegal County Museum. From left to right Dinny McGinley T.D, Joseph Gallagher and Cllr. Ian Mc Garvey.

Clár Imeachtaí Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall á sheoladh in Iarsmalann an Chontae, Leitir Ceanainn. Ó chlé, Seosamh Ó Gallchóir, Joe McHugh T.D. agus An Clr John Campbell.

“Ba chóir do dhaoine freastal ar imeachtaí le linn Seachtain na hOidhreachta le sult a bhaint as ár n-oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha agus le í a cheiliúradh. Tá chóir a bheith 100 imeacht ar siúl mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall, ar a n-áirítear laethanta oscailte teaghlaigh, siúlóidí treoraithe, tithe oscailte atá mar chuid dár n-oidhreacht thógtha, cuairteanna ar shuíomhanna oidhreachta, turais allamuigh, taispeántais, toirbhirtí léirithe, comórtais ghrianghrafadóireachta, gníomhaíochtaí do pháistí, ceol traidisiúnta, aontaí ceardaíochta agus taispeántais ar scileanna traidisiúnta agus go leor leor eile” a dúirt Seosamh

Tá rud éigin ann do gach duine!

“Is cuma fá d’aois, spéiseanna agus cumas, tá imeachtaí oidhreachta ann le do shuim a mhúscailt, tú a spreagadh agus tú a chur ag smaoineamh. Déanta na fírinne, roghnaíodh téama na bliana seo le haghaidh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, mar atá ‘Na Glúnta ag Fáil Amach fánár nOidhreacht le Chéile’, de bharr gurb í seo cothrom 20 bliain de Bhliain Idirnáisiúnta an Teaghlaigh. Is deis iontach í Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta do theaghlaigh teacht le chéile agus eolas a chur ar a n-oidhreacht áitiúil athuair agus aird a dhíriú uirthi.

Cuidíonn an oidhreacht s’againne leis an athbheochan náisiúnta trí bhród a chothú, ár bhféiniúlacht a neartú, tacú le poist, deiseanna oiliúna agus oideachasúla a sholáthar agus turasóirí a mhealladh.
Míníonn Seosamh cad é atá i gceist le Seachtain na hOidhreachta agus cad é mar a tháinig méadú ar an togra measartha beag seo go raibh sé ina fhéile mhór sa lá atá inniu ann.

“Is é atá i Seachtain na hOidhreachta féile náisiúnta seachtaine lenár dtuiscint ar ár n-oidhreacht chultúrtha, thógtha agus nádúrtha a mhéadú, lena caomhnú a spreagadh, agus le bród a chothú inár n-oidhreacht chomhroinnte.

Braitheann Seachtain na hOidhreachta go mór ar chomhoibriú. Cuireann Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Chomhairle Oidhreachta eolas, comhordú, tacaíocht agus comhairle ar fáil do dhaoine atá ag reáchtáil imeachtaí. Cuidíonn Clár Imeachtaí Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, arna fhoilsiú ag Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, agus an clár náisiúnta imeachtaí, arna fhoilsiú ag an Chomhairle Oidhreachta, cuidíonn siad le poiblíocht a thabhairt d’imeachtaí atá ar siúl ar fud an chontae agus ar fud na tíre. Tá an tSeachtain Oidhreachta ag dul ó neart go neart i rith an ama, le 20 imeacht ar siúl i gContae Dhún na nGall in 2004 go dtí thart fá 100 imeacht in 2014. Is a bhuí le hiarrachtaí cuid mhór eagraíochtaí oidhreachta, iarsmalanna, ionaid oidhreachta, coistí pobail agus daoine aonaracha a éiríonn thar barr leis an tSeachtain Oidhreachta gach bliain.”

Mar sin de, beidh fáilte romhat bualadh isteach chuig an tSeachtain Oidhreachta agus rud beag staire a bhlaiseadh agus a cheiliúradh mar is cóir agus foghlaim arís faoin oidhreacht atá ar marthain ar thairseach an tí agat.

Beidh an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta ar siúl i mbliana ón Satharn 23 Lúnasa go dtí An Domhnach 31 Lúnasa. Tá an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta á comhordú ag an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidreachta agus Gaeltachta agus Fáilte Éireann.

County Donegal Heritage Week 2014

Seachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall 2014

Fíricí fá dtaobh de Sheachtain Oidhreachta

  • Tá an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta mar chuid de Laethanta Oidhreachta Eorpacha atá á gceiliúradh i mbreis agus 40 tír ar fud na hEorpa.
  • Tá breis agus 1,600 imeacht ar siúl mar chuid de Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta ar fud na hÉireann agus tá an chuid is mó acu saor in aisce.
  • Táthar ag dréim go mbeidh breis agus 400,000 duine ag freastal ar imeachtaí de chuid na Seachtaine Oidhreachta ar fud na tíre i mbliana.
  • Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus Chorcaigh, tá Contae Dhún na nGall ar an chontae a bhfuil an líon is mó imeachtaí á reáchtáil mar chuid den tSeachtain Oidhreachta.
  • Tá breis agus 25 cinn de na himeachtaí a bheas ar siúl le linn na Seachtaine Oidhreachta i gContae Dhún na nGall á reáchtáil nó á óstáil ag Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall.
  • In 2012, caitheadh 10,000 oíche lóistín de bharr na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta, arbh fhiú breis agus €1.9 milliún go na geilleagair áitiúla iad ar fud na tíre.
  • Tá cóipeanna de Chlár Imeachtaí Sheachtain Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar fáil saor in aisce ó do leabharlann áitiúil, ón oifig turasóireachta, ó ionaid seirbhísí pobail, ón iarsmalann nó ó ionaid oidhreachta.
  • Fá choinne eolais ar imeachtaí, téigh chuig Seachtain Oidhreachta.   

Leave a comment